
An Spota Dubh
Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.
Episodes
Reading the feed…

Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh, aoíanna, comhrá agus neart eile acu ag plé scéata móra spóirt na seachtaine.
Reading the feed…
Sa triú clár sa tsraith ag breathnú chun cinn ar chluiche ceannais peile na bliana labhair muid le David McCague chun tuairim neodrach a fháil faoin gcluiche mór ar an Domhnach.
Sa dara cuid den tsraith ag breathnú chun cinn ar an gcluiche mór ar an Domhnach bhí muid ag labhairt le Máirtín Ó Conghaile agus é ag plé seansanna Mhaigh Eo.
Sa gcéad pháirt sa tsraith ag breathnú ar chraobh peile na Éireann bhí Ciarraíoch Declan Quill linn agus muid ag breathnú ar an gcluiche trí shúile Chiarraí. Phléigh muid seansanna na ríochta agus iad sa tóir ar an 40ú Craobh Uile Éireann.
Bhí iar- imreoir Luimnigh Mark Foley ag caint le Cárthach faoi Chluiche Ceannais na hÉireann agus an féidir le Luimneach ceann eile a bhuachaint i gcoinne na Gaillimhe.
Bhí Cathal Moore agus Conor O Shea ag caint le Cárthach faoi Gaillimh agus an seans atá acu i gCluiche ceannais na hÉireann . Iad arais ann don chéad uair ó 2018.
Tabharfaidh na seanchairde aghaidh ar a chéile ar an Domhnach agus iad sa tóir ar áit i gCraobh na hÉireann. Bhí muid ag caint le Dara Ó Cinnéide agus muid ag breathnú chun cinn ar an gcluiche.
Is cluiche iontach suimiúil é an cluiche seo ar an Satharn agus an chéad chluiche leathcheannais ar bun i bPáirc an Chrócaigh. Labhair muid le Rónán Mac Grianna agus na mórscéalta á bplé againn.
DíBhí iar-imreoir Chorcaigh Tom Kenny ag caint le Cárthach faoin cluiche 1/2 cheannais ar an Sathairn idir Gaillimh agus Corcaigh.
Díreofar aird na tíre ar Pháirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine agus ceithre chluiche iontacha ar bun. Bhí muid ag caint le Rónán Mac Grianna agus Gary Sice agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad.
Labhair Cárthach le Lorcán Ó Máirtín faoin tarraingt a tharla ar maidin do Clhuichí 1/4 Ceannais Peile na hÉireann. Gaillimh agus Ath Cliath, Corcaigh agus Maigh Eo, Ciarraí agus Tír Eoghan, An Lú le Muineacháin.
Tharraing cluiche an deireadh seachtaine seo caite go leor cainte agus an deireadh seachtaine seo beidh níos mó cainte fós ann. Bhí muid ag caint le Kevin Cassidy agus muid ag plé na mórscéalta ar fad.
Bhí Marc Ó Domhnaill ag caint le Cárthach faoi chluichí móra iomána na deireadh seachtaine, Áth Cliath agus an Clár agus Uibh Fhaillí ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh.
Tá ceithre chluiche mhóra i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine agus fios ag foirne go mbeidh siad ag fágáil slán leis an gcraobh má chailleann siad. Bhí David McCague linn agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluiche seo a fad.
Tá ceithre chluiche an deireadh seachtaine seo i ngrúpa 2A agus bhí Rónán Ó Beoláin linn agus muid ag breathnú chun cinn ar na mórscéalta ar fad.
Bhí Dónal O`Shea ag caint le Cárthach faoin cluiche mór ar an Sathairn idir Gaillimh agus Áth Cliath.
Bhí Mark Foley ag caint le Cárthach faoi Luimneach agus Corcaigh ag imirt sa Chluiche Ceannais ar an Domhnach.
Tá ceithre chluiche eile i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine agus cluichí suimiúla agus ceisteanna le freagairt ag foirne. Bhí muid ag caint le Máirtín Ó Conghaile agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad!
Beidh tús á chur leis an gcóras nua i gcraobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine agus cad é mar thús. Tá ceithre chluiche iontacha i ndán dúinn agus bhí Frank McGlynn linn agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluuichí ar fad.
Bhí Liam Breathnach iar roghnóir agus imreoir le Áth Cliath ag plé cluichí móra iomána na deireadh seachtaine le Cárthach. An ceann mór in Parnell agus Clár agus Corcaigh ag troid le áit i gCluiche Ceannais na Mumhan.
Shílfeá gur anois nó riamh é d'Ard Mhaca an deireadh seachtaine seo i gcraobh Uladh agus i gCúige Laighean tá na Dubs ag iarraidh Craobh Laighean a sciobadh ar ais arís. Labhair muid le Charlie Vernon agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad.
Béidh deireadh seachtaine ollmhór i gcursaí iomána i gCúige le deis mór ag Uibh Fhailí agus Gaillimh dul chun cinn a dhéanamh, bua nó bás i Stáid Semple agus neart eile le Naoise De Bhaldraithe ag caint le Cárthach.
Paudie O`Neill ar ais linn ag caint le Cárthach faoi Chorcaigh agus Port Láirge i gCúige Mumhan agus cluichí móra Laighean.
Bhí an Ciarraíoch Declan Quill linn an tseachtain seo agus muid ag breathnú chun cinn ar an dá chluiche mhóra atá ag an deireadh seachtaine - cluiche ceannais na Mumhan idir Ciarraí agus Corcaigh, agus cluiche ceannais Connacht idir Gaillimh agus Ros Comáin.
Bhí Paul Flanagan ag breathnú chun cinn ar chluiche mór na Mumhan idir na comharsan ar an Domhnach.
Tá ceithre chluiche iontacha ar siúl ag an deireadh seachtaine ó thuaidh agus i gCúige Laighean agus bhí David McCague linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.